Young Journalist – My Day in Croke Park

Body: 

Tá Scoil Chualann an-bhródúil as Emma Nesbitt!  Bhuaigh sí comórtas scileanna camógaíochta Allianz/Cumann na mBunscol san earrach.  Bhí rímeád an domhain orainn nuair a chualamar go mbeadh sí ag imirt i bPáirc an Chrócaigh ar an 3ú Meán Fómhair le linn an chluiche cheannais iomána!

Seo an cuntas a scríobh Emma ar an lá iontach seo:

Páirc an Chróchaigh

Dé Domhnaigh a bhi ann, an triú lá Meán Fómhair.  Lá breá a bhí ann, bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch is bhí na néalta boga bána ag trasnú na spéire!

D’éiríomar ag a hocht a chlog agus bhíomar réidh le himeacht ag ceathrú chun a naoi.  Bhí mo dhearthaír agus m’athair liom ar an lá speisialta seo.

Bhuaileamar le chéile ag a 10 a chlog i halla mór agus dúradh linn na foirne ar a mbeimis ag imirt.  Bhí mise le n-imirt ar fhoireann Phortláirge!  Ina dhiadh sin chuamar go dtí Páírc an Chrócaigh agus tugadh an feisteas dúinn – geansaí, stocaí agus bríste.  Ansin chonaiceamar na seabhaca a bhí acu ionas nach dtiocfadh aon einíní beaga ar an bpáirc imeartha!

Tar éis scaithimh chuamar go dtí ár suiocháin .  Ansin bhí orainn imeacht agus reitíomar sinn féin chun imirt ag leath ama sa chluiche mionúir.   Bhíomar seasta ar thaobh an páirc imeartha.  Bhí an lá go hálainn, bhí an t-atmaisféar go haoibhinn agus bhí gach duine chomh sceitimíneach nuair a shéíd an réiteoir an fheadóg.

Ritheamar amach ar an bpáirc agus chraitheamar lámha agus i bpreabadh na súl bhí an cluiche tosnaithe.  Bhí scil agus cleas ag na cailíní uile.  Bhíodar in ann an sliotar a bhualadh chomh fada sin.  Ach bhí an t-adh liom gur scóráil mé cúl agus cuilín.   

Ansin chuamar amach ar an bpáirc is bhí me seasta i lár na páirce le bratach mór, nuair a tháinig a t-Uachtarán amach ar an bpáirc.

Tar éis tamaill bhíomar suite in ár suíocháin ag féachaint ar an gcluiche cheannais.  Gaillimh abú!

Beidh cuimhne agam go deo ar an lá a d’imir mé i bPáirc an Chrócaigh!

 

Photos

https://photos.app.goo.gl/nm8qG2FRa90CHYh13